Ráiteas Príobháideachais

Jump to: Privacy Statement in English

An Ráiteas Príobháideachais i nGaeilge

Cé muid féin

Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta is ea Iontaobhas Uí Chadhain, a cláraíodh in Éirinn (Cuideachta uimhir 564717), agus carthanas cláraithe ag an Rialálaí Carthanas (Carthanas uimhir 20200579) ar bronnadh stádas carthanais air (uimhir charthanais CHY 22191), agus arb é seoladh na hoifige cláraithe ná f/ch Máirtín Ó Cadhain, Baile Liam, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

Sa ráiteas seo leagtar amach an chaoi a gcaithfidh muid le haon sonraí pearsanta teagmhála a bhailigh muid uait, nó a chuireann tú ar fáil dúinn.

Gabhann Iontaobhas Uí Chadhain air féin do chuid sonraí pearsanta teagmhála a chosaint agus cloífidh muid le haon reachtaíocht ábhartha, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”) san áireamh, agus leis na Rialacháin maidir le Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach 2003. Chun críocha an GDPR, is é an rialaitheoir sonraí ná Iontaobhas Uí Chadhain mar a shonraítear thuas agus leis an seoladh thuas.

Bailíonn agus coinníonn Iontaobhas Uí Chadhain (‘muid’ nó ‘ár’) do chuid sonraí pearsanta teagmhála de réir an ráitis phríobháideachais seo agus i gcomhréir leis an rialachán agus an reachtaíocht ábhartha cosanta sonraí. Tugann an ráiteas príobháideachais seo an t‑eolas riachtanach duit maidir le do chearta agus d’oibleagáidí, agus míníonn sé conas, cén fáth, agus cén uair a bhailíonn agus a choinníonn muid do chuid sonraí pearsanta teagmhála.

Is mór ag Iontaobhas Uí Chadhain do phríobháideachas. Ní dhéanfaidh muid ach d’ainm agus do chuid sonraí teagmhála a bhailiú agus a choinneáil ar taifead. Ní thabharfaidh muid d’aon duine ná comhlacht eile iad ná ní chuirfidh muid ar aghaidh iad ná ní phoibleoidh muid iad ar bhealach ar bith.

Is é ár bpríomhchuspóir mar eintiteas ealaíon, oideachais agus cultúir ná saothar litríochta an scríbhneora chlúitigh Ghaeilge, Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), a chur chun cinn ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, trí eolas agus ábhar eile faoina shaol agus a shaothar litríochta a chur ar fáil agus ócáidí a eagrú nó a thionscnamh ar mhodh eile lena shaothar a chur chun cinn agus a chur á phlé. Is gá dúinn do chuid sonraí teagmhála a bhailiú agus a choinneáil ar taifead chun eolas ábhartha a chur chugat, agus chun freagraí a chur ar iarratais uait.

Mar atá leagtha amach thuas, cloíonn Iontaobhas Uí Chadhain leis na rialacháin GDPR maidir le sonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid agus a choinneáil.

Eolas a bhailíonn muid

Seachas d’ainm agus do shonraí teagmhála, agus do sheoladh IP sa chás go dtugann tú síntiús thiomsú airgid dúinn ag úsaid foirm ar líne ar ár láithreán gréasáin, ní bhaileoidh ná ní stórálfaidh Iontaobhas Uí Chadhain aon sonraí eile a bhaineann leat. Coinníonn Iontaobhas Uí Chadhain do shonraí teagmhála ar taifead chun tú a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí a bhaineann le cur chun cinn shaothar Mháirtín Uí Chadhain.

Níor bhailigh muid, ná níl sé i gceist againn a bhailiú, aon sonraí pearsanta eile fút ná ní dhéanfaidh muid aon phróiseáil de chineál ar bith ar do chuid sonraí teagmhála, seachas iad a choinneáil ar taifead.

Féadfaidh tú do chuid sonraí teagmhála a thabhairt dúinn nuair a fhiosraíonn tú faoinár gcuid imeachtaí, nó nuair a líonann tú isteach foirmeacha ag aon cheann de na himeachtaí, nó nuair a bhíonn tú i dteagmháil linn ar ríomhphost nó ar mhodh ar bith eile.

Seo a leanas na cineálacha sonraí pearsanta a bhailíonn muid:

  • Ainm agus Sloinne.
  • Seoladh baile.
  • Seoladh ríomhphoist.
  • Uimhir (uimhreacha) gutháin, má chuir tú ar fáil í (iad).
  • Seoladh IP, má thug tú síntiús ar líne d’fheachtas thiomsú airgid.

Coinnítear, agus coinneofar, na sonraí pearsanta teagmhála seo i gcomhad Excel ar ríomhaire Rúnaí an Iontaobhais ag an seoladh thuasluaite. Ar chóras riaradh íocaíochtaí slán ar líne a choinneofar sonraí a thugtar dúinn nuair a thugtar síntiúis thiomsú airgid dúinn ag úsaid foirm ar líne ar ár láithreán gréasáin.

Bailíodh an t‑eolas seo, agus baileofar amach anseo, ar na bealaí seo a leanas:

  • Le linn imeachtaí a bhaineann leis na cúiseanna ar bunaíodh muid.
  • Trí fhiosruithe a chuirtear chuig na Stiúrthóirí ar an bpost, ar an ríomhphost nó ar mhodh ar bith eile i dtaobh imeachtaí an Iontaobhais.
  • Sonraí teagmhála a bhailiú a bhaineann le hacadúlaithe, taighdeoirí agus daoine eile a léirigh spéis i saothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain.
  • Trí theagmháil phearsanta eile le baill de bhord Iontaobhas Uí Chadhain.

     

Féadfaidh tú cuairteanna a thabhairt ar ár suíomh gréasáin, www.máirtínócadhain.ie, gan tú féin a chur in iúl ná aon eolas pearsanta a nochtadh. Ní bhíonn an tIontaobhas ag breathnú ar ná ag próiseáil aon eolas faoi láthair faoi chuairteanna a thugtar ar an suíomh, ná ní úsáideann muid fianáin ar ár suíomh gréasáin le faisnéis phearsanta a bhailiú.

An úsáid a bhaineann muid as do chuid sonraí teagmhála

Tharlódh go mbaileoimis do chuid sonraí teagmhála ar chúis amháin nó níos mó díobh seo:

  • Le freagra a chur chugat maidir le hiarratais ar eolas faoi imeachtaí dár gcuid.
  • Le heolas nuashonraithe a chur chugat maidir le himeachtaí dár gcuid.
  • Le do thacaíocht, ó thaobh airgeadais nó eile, a iarraidh maidir le himeachtaí dár gcuid.

Ní choinníonn muid do chuid sonraí ach go ceann pé achar ama is gá agus ar na cúiseanna a shonraítear sa ráiteas seo.

Do chuid sonraí teagmhála a roinnt nó a nochtadh

Ní chuirfidh Iontaobhas Uí Chadhain do chuid sonraí teagmhála in iúl d’aon duine nó comhlacht gan cead uaitse, mura dtagann ceangal dlí i gceist nó, más gá, chun cearta an Iontaobhais nó a chuid stiúrthóirí a chosaint.

Cearta an duine is ábhar do na sonraí

Éascaíonn Iontaobhas Uí Chadhain do chearta i gcomhréir lenár bpolasaí cosanta sonraí agus leis na nósanna imeachta maidir le hiarratas duine ar a chuid sonraí.

Do chearta mar dhuine is ábhar do na sonraí

Am ar bith le linn do do chuid sonraí teagmhála a bheith inár seilbh, tá na cearta a leanas agatsa, an duine is ábhar do na sonraí:

Ceart rochtana
Tá an ceart agat cóip de na sonraí teagmhála atá ar taifead againn i do leith a iarraidh.
Ceart ceartaithe
Tá an ceart agat sonraí míchruinne nó neamhiomlána i do leith atá ar taifead againn a cheartú.
Ceart go ligfí i ndearmad
Tá an ceart agat a iarraidh orainn do chuid sonraí teagmhála a scriosadh ónár dtaifead.
Ceart ar phróiseáil a shrianadh
Tá an ceart agat a iarraidh go srianfaí próiseáil do chuid sonraí.
Ceart inaistritheachta
Tá an ceart agat na sonraí atá ar taifead againn i do leith a aistriú go comhlacht eile.
Ceart cur i gcoinne
Tá an ceart agat cur i gcoinne cineálacha áirithe próiseála ar nós margaíochta.
Ceart cur i gcoinne uathphróiseála, próifíliú san áireamh
Tá an ceart agat gan a bheith faoi réir iarmhairtí dlíthiúla uathphróiseála nó próifílithe.
Ceart ar athbhreithniú breithiúnach
Má dhiúltaíonn muid d’iarratas faoi cheart rochtana, tabharfaidh muid cúis leis sin.

Tá an ceart agat teacht ar aon sonraí pearsanta teagmhála atá á choinneáil ag Iontaobhas Uí Chadhain i do leith agus eolas a iarraidh i dtaobh:

  • Céard iad na sonraí teagmhála atá á gcoinneáil againn i do leith.
  • Cé chomh fada atá i gceist againn do chuid sonraí teagmhála a choinneáil.
  • Murar bhailigh muid na sonraí teagmhála go díreach uait, eolas faoin bhfoinse.

Má mheasann tú go bhfuil aon sonraí neamhiomlána nó míchruinne ar taifead againn i do leith, tá an ceart agat a iarraidh orainn an t‑eolas a cheartú agus/nó a iomlánú agus féachfaidh muid lena cheartú/nuashonrú chomh luath agus is féidir mura bhfuil cúis bhailí againn gan sin a dhéanamh agus, sa chás sin, cuirfear é sin in iúl duit.

Tá an ceart agat freisin a iarraidh orainn do chuid sonraí teagmhála a scriosadh, nó srian a chur lena bpróiseáil de réir na ndlíthe cosanta sonraí, agus cur i gcoinne aon mhargaíocht dhíreach uainn. Tá an ceart agat go gcuirfí ar an eolas thú maidir le haon chinnteoireacht uathoibríoch a d’fhéadfadh a bheith á pleanáil againn.

Má fhaigheann muid iarratas uait aon cheann de na cearta thuas a fheidhmiú, seans go n-iarrfaidh muid ort d’aitheantas a dheimhniú sula gcuirfidh muid d’iarratas i bhfeidhm, le cinntiú go gcoinnítear do chuid sonraí teagmhála cosanta agus slán.

Mura gcuireann tú do chuid sonraí teagmhála ar fáil

Níl aon dualgas ort do chuid sonraí teagmhála a chur ar fáil d’Iontaobhas Uí Chadhain. Níl ann ach nach mbeidh muid in ann tú a choinneáil ar an eolas faoinár gcuid imeachtaí dá n-uireasa.

Cé chomh fada is a choinneoidh muid do shonraí teagmhála

Coinneoidh Iontaobhas Uí Chadhain do chuid sonraí teagmhála chomh fada agus is gá chun tú a choinneáil ar an eolas faoinár gcuid imeachtaí.

Gearán a dhéanamh

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar láimhseáil muid do chuid sonraí teagmhála, tá an ceart agat gearán a chur go dtí:

An Rúnaí,
Iontaobhas Uí Chadhain,
f/ch Máirtín Ó Cadhain,
Baile Liam,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe,
H91 FTK5,
Éire.

Ríomhphost: ioniontaobhas@nulloutlook.com

Agus/nó an t‑údarás maoirseachta:

An Coimisinéir Cosanta Sonraí,
21 Cearnóg Mhic Liam, Theas,
Baile Átha Cliath 2,
D02 RD28,
Éire.

Teil: +353 (0)1 761 104 800.

Athruithe ar ár ráiteas príobháideachais

Tharlódh sé go ndéanfaidh Iontaobhas Uí Chadhain athruithe nó nuashonrú ar an ráiteas príobháideachais seo ó am go ham. Moltar duit an ráiteas seo a cheadú go rialta dá réir sin.

Rinneadh an ráiteas seo a nuashonrú go deireanach ar an 21ú Meitheamh 2019.

Privacy Statement in English

Who we are

Iontaobhas Uí Chadhain is a company limited by guarantee, registered in Ireland (Company Number 564717), Charities Regulation Authority (number 20200579) which has been granted charitable status (Charity Number CHY 22191), with its registered office at c/o Máirtín Ó Cadhain, Baile Liam, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

This statement sets out the basis on which any personal contact data we have collected from you, or that you provide to us, has been or will be treated by us.

Iontaobhas Uí Chadhain is committed to protecting your personal data and will comply with all applicable legislation including the General Data Protection Regulation (“GDPR”), and the Privacy and Electronic Communications Regulations 2003. For the purposes of GDPR, the data controller is Iontaobhas Uí Chadhain as defined above and having the address as defined above.

Iontaobhas Uí Chadhain (‘we’, ‘us’ or ‘our’) gather and process your personal contact information in accordance with this privacy notice and in compliance with the relevant data protection regulation and law. This privacy notice provides you with the necessary information regarding your rights and obligations, and explains how, why and when we collect and process your personal contact data.

Iontaobhas Uí Chadhain respects your privacy. We have only collected or will only collect your name and contact details and keep them on record. We will not give them to any other person or body, nor will we send them on or publish them in any way.

Our principal objective is that of an artistic, educational and cultural entity in order to promote the literary works of the famous Irish-language prose writer Máirtín Ó Cadhain (1906–1970) at local, national and international level, by providing information and other material about his life and literary works and organising or otherwise spearheading events to promote and discuss his work. In order to provide you with relevant information, and to respond to your requests, it is necessary that you provide us with your contact information or consent that we hold your contact details on file.

As set out above, Iontaobhas Uí Chadhain complies with GDPR regulations for the collection, use and retention of all personal data.

Information that we collect

Other than your name and contact details, and IP address should you donate to fundraising campaigns using an online form on our website, Iontaobhas Uí Chadhain will not collect or store any other details about you.

Iontaobhas Uí Chadhain records your personal contact information to provide you with information in relation to activities relating to the promotion of Máirtín Ó Cadhain’s literary works. We have not collected, nor do we intend to collect, any other personal data about you nor will we process your information in any way, other than to keep them on record.

You may give us personal contact data when you enquire about our activities, fill in forms at any of our events or correspond with us by phone, e-mail or any other means.

The type of personal data that we collect is as follows:

  • Name.
  • Home Address.
  • Email Address.
  • Telephone number(s), if provided by you.
  • IP Address, if you have made an online fundraising donation.

These contact details are, and will be, kept in an Excel file on the Secretary’s computer at the above address. Details submitted when making donations to fundraising campaigns using an online form on our website are kept on a secure online payments system.

This information has been, and will continue to be, collected in the following ways:

  • During events relating to the activities for which we were founded.
  • Through direct enquires to the Iontaobhas Uí Chadhain board by telephone, e-mail, post or otherwise in relation to the activities for which we were founded.
  • By collecting contact details of academics, researchers and others who have shown interest in the literary works of Máirtín Ó Cadhain.
  • Through other personal contact with Iontaobhas Uí Chadhain board members.

You may visit our website, www.máirtínócadhain.ie, without identifying yourself or revealing any personal information. Iontaobhas Uí Chadhain does not currently consult or process any information about visits to the website, nor do we use cookies on our website to collect personal information.

How we use your personal data

Generally, we may collect your data for one or more of the following:

  • To respond to your request(s) for information relating to the activities for which we were founded.
  • To provide you with updates in relation to the activities for which we were founded.
  • To seek your support, financially or otherwise, in relation to the activities for which we were founded.

We only retain your data for as long as is necessary and for the purposes specified in this notice.

Sharing and disclosing your personal information

Iontaobhas Uí Chadhain will never disclose or share your contact data without your consent, unless required to do so by law or, when necessary, to protect the rights of Iontaobhas Uí Chadhain or its board members.

Data subjects’ rights

Iontaobhas Uí Chadhain facilitates your rights in line with our data protection policy and the subject access request procedures.

Your rights as a data subject

At any point while we are in possession of your personal data, you, the data subject, have the following rights:

Right of access
You have the right to request a copy of the information that we hold about you.
Right of rectification
You have a right to correct data that we hold about you that is inaccurate or incomplete.
Right to be forgotten
You have the right to ask that the contact details we hold about you be erased from our records.
Right to restriction of processing
You have the right to ask that processing of your data be restricted.
Right of portability
You have the right to have the data we hold about you transferred to another organisation.
Right to object
You have the right to object to certain types of processing such as direct marketing.
Right to object to automated processing, including profiling
You also have the right not to be subject to the legal effects of automated processing or profiling.
Right to judicial review
If we refuse your request under rights of access, we will provide you with a reason as to why.

You have the right to access any personal contact details that Iontaobhas Uí Chadhain holds about you and to request information about:

  • What personal data we hold about you.
  • How long we intend to store your personal data.
  • If we did not collect the data directly from you, information about the source.

If you believe that we hold any incomplete or inaccurate data about you, you have the right to ask us to correct and/or complete the information and we will strive to update/correct it as quickly as possible; unless there is a valid reason for not doing so, at which point you will be notified.

You also have the right to request erasure of your personal data or to restrict processing in accordance with data protection laws, as well as to object to any direct marketing from us. You have the right to be informed about any automated decision-making that we may plan to use.

If we receive a request from you to exercise any of the above rights, we may ask you to verify your identity before acting on the relevant request, in order to ensure that your data is protected and kept secure.

Consequences of not providing your data

You are not obliged to provide your contact details to Iontaobhas Uí Chadhain. Without them, however, we will be unable to keep you informed about our activities.

How long we keep your data

Iontaobhas Uí Chadhain will retain your contact details for as long as is necessary to provide you with information in relation to our ongoing activities.

Lodging a complaint

If you are unsatisfied with how we have handled your contact details, you have the right to lodge a complaint with:

An Rúnaí,
Iontaobhas Uí Chadhain,
c/o Máirtín Ó Cadhain,
Baile Liam,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe,
H91 FTK5,
Éire.

E-mail: ioniontaobhas@nulloutlook.com

And/or the supervisory authority:

Data Protection Commissioner,
21 Fitzwilliam Square South,
Dublin 2,
D02 RD28,
Ireland.

Tel: +353 (0)1 761 104 800.

Changes to our privacy notice

Iontaobhas Uí Chadhain may modify or update this privacy notice from time to time. Thus we encourage you to check this notice regularly.

This Statement was last updated on 21st June 2019.